‘Tá ríméad orm go bhfuil tú ag teacht chugat féin. Cén chaoi a n-airíonn tú?’ a dúirt sí, cé nach raibh sí ag súil le freagra. Leag sí na rudaí a bhí tugtha léi aici go cúramach ar an mboirdín, áit a raibh ualach cártaí agus bláthanna cheana féin. Ansin rug sí ar an gcathaoir agus shuigh sí le hais na leapan. ‘Is dóigh go bhfuil tú ag iarraidh an nuaíocht ar fad as Oileán na Leice a chloisteáil,’ a dúirt Caitríona ansin. ‘Fan go bhfeice mé. Cá dtosóidh mé ar chor ar bith? Tá a fhios agat gur gearr anois go mbeidh muid ag dul ar ais chuig an scoil.’
Bhí an ghráin aici, a dúirt Caitríona, a bheith ag cuimhneamh ar an scoil. Ach thar rud ar bith eile bhí drogall uirthi roimh thorthaí an Teastais Shóisirigh a bheadh ag teacht go luath anois.
‘Tá mé cinnte glan go bhfuil teipthe orm i gcúpla ábhar,’ ar sise. ‘Ba cheart dom níos mó airde a bheith tugtha agam ar na leabhra. Tá mé siúráilte nach mbeidh tusa chomh díchéillí is a bhí mise nuair a thiocfaidh an t-am.’
Dúirt sí le Bríd go raibh go leor daoine ag cur a tuairisce. ‘Na cailíní ar fad … agus Iain dar ndóigh. Ní fheiceann muid Iain chomh minic sin anois, ach bím ag caint leis ar an bhfón. Dúirt sé an lá cheana go bhfuil a thuismitheoirí ag cuimhneamh ar an teach saoire atá acu san oileán a dhíol. Ní mó ná sásta atá Iain. Agus … céard eile? Sea … Séamas. Ní bheidh Séamas ag teacht ar ais chuig an scoil. Tá mé ag ceapadh bhfuil sé le dhul chuig scoil eicínt istigh i nGaillimh.’
Cé nach raibh focal ó Bhríd, bhí sé soiléir do Chaitríona go raibh suim aici sa méid a bhí sí a rá. Ach bhí Caitríona ag cuimhneamh i gcaitheamh an ama ar an bhfainic a chuir a haintín uirthi agus í ag teacht isteach. Shocraigh sí gan a rá le Bríd go raibh sí féin agus Iain tithe amach le Séamas agus nach raibh aon phlé acu leis níos mó. Níor inis sí di gur chreid formhór mhuintir an oileáin, a ngaolta féin san áireamh, gurb é Séamas a d’ionsaigh Bríd féin agus a d’fhág i mbaol báis í. Agus níor dhúirt sí, ar ndóigh, go raibh na gardaí ag fiosrú na timpiste agus go gcaithfeadh Bríd féin tuairisc a thabhairt dóibh chomh luath agus a bheadh sí tagtha chuici féin arís.
Tar éis tamaill, ní raibh Caitríona in ann cuimhneamh ar aon nuaíocht eile a d’fhéadfadh sí a insint do Bhríd. Bhí sé ar bharr a goib aici rud eicínt a rá faoin taighde a bhí déanta ag Iain agus an t-eolas a bhí faighte aige faoin ngarda cósta agus a bhean Veronica, ach shocraigh sí gur cheart é sin a fhágáil le haghaidh lá eile. Sheas Caitríona agus chuir sí an chathaoir ar ais san áit a bhfuair sí í. Chuir sí a cóta uirthi agus d’iompaigh sí timpeall arís, agus nuair a d’iompaigh léim a croí. Bhí Bríd ag déanamh iarracht labhairt! Bhí sí ag déanamh tréaniarracht rud eicínt a rá léi!
Rith Caitríona anonn go dtí an leaba agus a croí ag preabadh. Chrom sí síos go gcloisfeadh sí ceard a bhí Bríd ag rá. Baineadh geit aistí nuair a thuig sí gur amhrán seachas caint a bhí ag teacht as beola a col ceathrar.
Tharraing Caitríona siar de sciotán. An t-amhrán sin arís! An t-amhrán céanna a bhí á crá, é ar nós macalla ina cloigeann le mí anuas. Chuimhnigh sí gur chuala sí an t-amhrán ceannan céanna agus iad taobh amuigh den stáisiún an oíche ar gortaíodh Bríd. Chuala Iain chomh maith é. Cheap an bheirt acu ag an am gurb í Bríd a bhí ag gabháil fhoinn. Ach ní fhéadfadh sé gurb í! Nach raibh Bríd sínte ar chlár a droma faoin am sin?
‘A Bhríd,’ a dúirt sí anois. ‘A Bhríd! Ar airigh tusa an t-amhrán sin sa Station, an oíche ar gortaíodh thú?’
Bhí Bríd ag cur an-stró uirthi féin anois, í ar a seacht míle dícheall ag iarraidh na focla a bhí ina hintinn a mhúnlú. Cheap Caitríona gur chuala sí ‘Chonaic mé….’ Ach ní fhéadfadh sí mionnú…. ‘An bhfaca tú rud eicínt? Céard a chonaic tú, a Bhríd?’
‘Bríd….’
Ní fios cén díomá a bhí ar Chaitríona. Ní raibh Bríd ag caint i ndáiríre, ní raibh ann ach go raibh sí ag déanamh aithrise ar an rud a bhí ráite aici féin! Ar nós mar a bheadh naíonán ag cleachtadh focla nua…. Siúd isteach an banaltra.
‘An bhfuil tú ceart go leor, a stór?’ ar sise go lách le Bríd. Agus shocraigh sí na piliúir faoina ceann. Ansin labhair sí le Caitríona. ‘Éiríonn sí an-tuirseach, an dtuigeann tú, nuair a bhíonn cuairteoirí aici. Níl aon chleachtadh aici fós ar a bheith dúisithe an t-achar seo.’
Bhailigh an bhanaltra léi arís. Thuig Caitríona go raibh sí féin ceaptha a bheith ag imeacht chomh maith.
‘Tá mé chomh sásta, a Bhríd, go bhfuil biseach ag teacht ort,’ a dúirt sí. ‘Ach b’fhearr dom a bheith ag imeacht anois. Tiocfaidh mé aníos arís go gearr. Agus le cúnamh Dé is sa mbaile a bheas tú faoin am sin. Tabhair aire duit féin anois.’
Bhí Caitríona chomh fada leis an doras nuair a chuala sí an chaint taobh thiar di. Ní raibh aon duine eile sa seomra … an bhféadfadh sé…? D’iompaigh sí timpeall láithreach. Bhí Bríd suite aniar sa leapa! Agus bhí sí ag caint! Labhair sí go mall. Labhair sí go briotach. Ach mar sin féin thuigfeá céard a bhí sí ag rá!