In Oileán na Leice, ar chósta thiar na hÉireann, níl ag déanamh imní do Chaitríona ach cén chaoi a gcaithfidh sí féin is a cairde laethanta fada an tsamhraidh — agus cén chaoi a meallfaidh sí Séamas Jim, dár ndóigh. Nuair a thugann siad cuairt oíche ar sheanstáisiún an Gharda Cósta ardaítear ceisteanna faoi thaibhsí, agus seanscéal faoi fhear a d'imigh gan tásc gan tuairisc as an oileán céad bliain roimhe sin. Ach níl ann ar fad ach spraoi, nó go dtarlaíonn rud éigin uafásach a chuireann saol Chaitríona agus a cairde in aimhréidh.On Leck Island off the Atlantic coast of Ireland, Caitriona's only worry is how she and her friends will spend the long school summer holidays ahead of her—and how to make an impression on the handsome Seamas, of course. A spooky night visit to the station brings up the subject of ghosta. It is all good fun, until something awful happens that puts the lives of Caitriona and her friends in dissarray.
Проза18+An Garda Cósta
Máire Uí Dhufaigh
Caibidil 1
Oileán na Leice, Co. na Gaillimhe Mí Iúil 2012
Bhreathnaigh Caitríona anonn ar an bhfoirgneamh mór liath. ‘Meastú an bhfuil sé fíor go bhfuil taibhsí ann?’
‘Bhuel, gheobhaidh muid amach anocht,’ arsa Iain. ‘Agus má éiríonn linn pictiúr de cheann acu a fháil cuirfidh muid suas ar YouTube é. Na lads sin a chuir an geall liom, tá siad ag iarraidh cruthú go raibh muid istigh ann.’
‘B’fhéidir nach mbeidh aon seans eile againn. Tá scéal ag dul thart go bhfuil tógálaí mór le rá tar éis an áit a cheannacht,’ a dúirt Bríd, ‘le brú nó óstán a dhéanamh as.’
Taobh istigh den gheata ag seanstáisiún an gharda cósta a bhí Caitríona Pheadair Ní Fhlatharta lena col ceathrar Bríd agus a gcara Iain. Bhí an stáisiún, nó an Station mar a thugtaí de ghnáth air, suite go taibhsiúil gruama ar an gcnoc os cionn an bhaile. Ba sceirdiúil an áit é, go háirithe anois agus é ag tarraingt ar mheán oíche. Taobh amuigh de scréachaíl na bpréachán, a raibh neadracha acu i seanbhallaí an stáisiúin, ní raibh le cloisteáil ag an triúr óg a bhí suite ann ach torann na dtonn ag briseadh ar thrá an oileáin agus ceol bríomhar bhosca ceoil ag teacht ar an ngaoth ó Óstán Bharr na Céibhe. Ar an mórthír, i bhfad uathu trasna an chuain, bhí soilse le feiceáil acu ag glioscarnach sa dorchadas. Bhreathnaigh Caitríona anonn ar an bhfothrach arís.
‘Brú! Anseo…! Ag magadh atá tú!’ a dúirt sí. ‘Cé a bheadh ag iarraidh fanacht ina leithid d’áit iargúlta?’
‘Déarfainnse go ndéanfadh sé óstán breá,’ a dúirt Iain. ‘Foirgneamh mór dhá stór ar bharr an chnoic ag breathnú amach ar an gcuan! Thaitneodh sé le turasóirí. Tá mé cinnte de. Ach, dar ndóigh, theastódh obair a dhéanamh air.’
‘D’fhéadfá a rá go dteastódh. Chuile shamhradh a thagaim anseo bíonn tuilleadh leaca tite de,’ a deir Bríd. ‘Ach, mar sin féin, b’fhiú an t-airgead a chaitheamh air.’
Ach ní fhéadfadh Caitríona an foirgneamh gránna seo a shamhlú ina óstán. ’Cuma cé méid a bheadh caite ag cur caoi air.
‘Bhuel, ní fhanfainnse ann dá n-íocfá mé,’ a deir sí. ‘Tá sé chomh haisteach mar áit! Ní bheadh aon iontas orm dá mbeadh taibhsí ann.’
Theastaigh ó Bhríd a fháil amach ansin ar chreid Iain i dtaibhsí.
‘Ní chreidim! Ach tá an oiread cainte déanta faoin Station ó tháinig na seandálaithe anseo gur mhaith liom an taobh istigh de a fheiceáil dom féin … chomh maith leis an áit a bhfuil siad ag tochailt ann.’
Faoin am seo bhí an fuacht ag cur as do Bhríd agus í ag éirí mífhoighdeach.
‘Ach tuige a gcaithfidh muid fanacht le Séamas?’ a d’fhiafraigh sí d’Iain. ‘Tá mise caillte leis an bhfuacht!’
‘Dúirt mé leat cheana. Beidh tóirse ceart ag Séamas. Agus ar aon chaoi, dá mbeadh cóta nó seaicéad ort ní bhraithfeá an fuacht. Agus tá Caitríona chomh dona leat. Breathnaigh oraibh! Gúnaí beaga samhraidh! Ní thuigim cén fáth a mbíonn cailíní chomh hamaideach.’
DÍCHÉILLÍ! a deir Caitríona. Bhí faisean aici Iain a cheartú dá n-úsáidfeadh sé focal nach mbeadh acu in Oileán na Leice.
‘Ó, gabh mo leithscéal, a mhúinteoir. ‘Díchéillí’ atá sibh. An-díchéillí,’ a dúirt sé agus é ag fáisceadh a sheaicéad teolaí timpeall air féin agus ag sá a chuid lámha síos sna pócaí.
Bhí imní ag teacht ar Chaitríona. Ab é go raibh a intinn athraithe ag Séamas? An raibh sé le theacht ar chor ar bith? Ní bheadh sí san áit fuar feannta seo beag ná mór murach Séamas Jim. Rud nár thuig an bheirt a bhí in éineacht léi. Thaitin Séamas le Caitríona thar aon lad dar casadh riamh uirthi. Chomh luath agus a chuala sí faoin socrú don oíche anocht chuir sí téacs chuige. Bhí sí ag dul ag tóraíocht taibhsí thuas ag an Station in éineacht le Bríd agus Iain a dúirt sí sa téacs. An mbeadh seisean ann? Bhí dhá chroí aici nuair a tháinig an freagra uaidh.
‘Ba cheart duitse glaoch air,’ a dúirt sí le Iain anois.
‘Ghlaoigh mé tamall ó shin ach níl sé ag freagairt.’
‘Níl ann ach seans go dtiocfaidh sé,’ a deir Bríd. ‘Nach bhfuil muid anseo anois le uair an chloig?’
Ach ní raibh amhras ar bith ar Iain. Thiocfadh Séamas, a dúirt sé. Ní ligfeadh sé síos iad. Bhí a fhios aige faoin ngeall.
‘Cé méid de gheall a chuir na lads leat ar aon chaoi?’ a d’fhiafraigh Bríd de.
‘Fiche euro.’
‘Agus roinnfidh tú linne é?’
‘Ceannóidh mé uachtar reoite an duine daoibh!’
‘Muise mura tú atá flaithiúil!’
‘Ach meastú cá bhfuil Séamas ar aon chaoi,’ a d’fhiafraigh Caitríona d’Iain. ‘Cá mbeadh sé an tráth seo d’oíche?’
‘San óstán, cheapfainn,’ a deir Iain.
‘Ach níl Séamas ach cúig bliana déag,’ a dúirt Caitríona. Cúpla mí níos sine ná í féin. ‘Ní ligfí isteach san óstán é. An ligfí?’
‘Bhuel, chonaic mo dheartháir ann é le deireanas. Cúpla uair.’
‘Cúpla babhta.’
‘Bhuel cúpla babhta mar sin. Caithfidh nach bhfuil siad chomh dian agus a cheapann tusa.’