‘Is dóigh nach bhfuil, ó cheannaigh an dream nua é. Nuair a bhíodh an t-óstán ag Cáit Mhicil chaithfeá a bheith ag tarraingt an phinsin sula ligfeadh sí isteach sa mbeár thú! Sin é a dúirt m’uncail ar aon chaoi.’
Lig Iain scairt gháire as.
‘Go gcaithfeá a bheith ag tarraingt an phinsin…! Sin leagan greannmhar.’
‘Barúil!’
‘Ó sea. Barúil. AN-BHARÚIL.’ Bhí sé ag cur canúint láidir air féin.
Thosaigh Bríd ag sciotaíl.
‘Tá tú ag déanamh go maith, a Iain!’ a dúirt sí, agus ’chaon scairt aisti. ‘Is gearr anois go mbeidh Gaeilge bhreá agat! Gaeilge Oileán na Leice, a mhac!’
‘Fuist!’ a dúirt Caitríona. ‘Déanaigí go réidh, an bheirt agaibh.’
Ní raibh aon suim aici sa gcraic a bhí ar bun acu. Bhí a cluasa bioraithe aici, ag súil go dtiocfadh Séamas aníos an cnoc nóiméad ar bith. Ach faitíos a croí uirthi ag an am céanna nach dtiocfadh sé ar chor ar bith. Nuair a bhí deich nóiméad eile caite, d’éirigh sí de léim.
‘An bhfuil muid leis an oíche a chaitheamh suite anseo? Nó an bhfuil muid ag dul isteach?’
‘Ach bheadh sé contúirteach,’ arsa Iain. ‘Gan solas a bheith againn.’
‘Contúirteach!’ Bhí cantal ar Chaitríona anois. Cantal, chaithfeadh sí a admháil, a bhain níos mó le Séamas ná le Iain.
‘Tú féin is do chuid contúirtí! Tá aiféala orm anois nach síos ar an trá a chuaigh mé, chuig an mbarbaiciú.’
Ní raibh rún aici an oíche a chaitheamh ina hóinseach ag fanacht le Séamas Jim. Shiúil sí anonn go dtí an sconsa. ‘Níl cead dul isteach ach amháin ar ghnó,’ a dúirt sí go drámatúil in ard a cinn agus í ag léamh an méid a bhí scríofa ar an bhfógra.
‘An stopfaidh tú ag béiceadh,’ a dúirt Bríd léi. ‘Tarraingeoidh tú an baile orainn.’
Tar éis scaithimhín, thuig Caitríona nach raibh an bheirt eile ag tabhairt aon toradh uirthi. Anall léi go dtí an geata arís agus í ag tarraingt na gcos. Chaith sí fúithi ansin agus pus uirthi. Bhí a hintinn ina cíor thuathail. Dá mbeadh a cairde Ruth agus Siobhán anseo…. Ach ní raibh agus ní fheicfeadh sí iad go ceann cúpla lá.
‘Éist,’ a dúirt Iain go tobann, ‘an gcloiseann sibhse é sin?’
Chuir an bheirt chailín cluais orthu féin. Is í an chasacht a chualadar ar dtús. Ansin chonaic siad an solas. Duine ag deargadh a thoitín. Thíos ag bun an chnoic.
‘Séamas, cuirfidh mé geall ar bith leat,’ a deir Iain. ‘Ach amháin … ní raibh a fhios agam go mbíonn sé ag caitheamh.’
Díreach ansin, chualadar an monabhar cainte.
‘Más é Séamas atá ann,’ a dúirt Bríd.’Níl sé leis féin.’
Cébí cé a bhí ann, bhí sé ag teacht níos cóngaraí, ag siúl aníos an cosán go barr an chnoic.
‘Seo! B’fhearr dúinn dul i bhfolach,’ a deir Bríd. ‘Ar fhaitíos na bhfaitíos.’
‘Chuile sheans gurb é Séamas atá ann,’ a dúirt Caitríona.
Ach, mar sin féin, chrom sí síos taobh istigh den chlaí in éineacht leis an mbeirt eile.
‘Cé sibh féin?’ arsa an glór údarásach.’Tagaigí amach anseo! Anois láithreach!’
‘Ó a dhiabhail!’ arsa Bríd de chogar. ‘Na gardaí! Tá muid i ngreim!’
‘Stop! Sé Séamas atá ann,’ a deir Caitríona. ‘Nach n-aithním a ghlór.’
‘Fuist! Ní cheapfainnse gurb é atá ann,’ a dúirt Iain.
‘Ná mise ach an oiread,’ a deir Bríd.
D’fhanadar cromtha san áit a rabhadar go dtí gur scairteadh an solas isteach sna súile orthu.
‘Tá sibh ag briseadh an dlí! Ab amhlaidh nach bhfuil sibh in ann léamh?’
D’éirigh Caitríona ina seasamh de léim.
‘Níor bhris muid aon dlí, a Shéamais Jim,’ a dúirt sí. ‘Bhí siad seo scanraithe agat, ach ná ceap go bhfuil sé chomh héasca sin an dallamullóg a chur ormsa!’
Amach leis an triúr thar an gclaí. Bhí Séamas ag briseadh a chroí ag gáire.
‘Déarfainn gur bhain sé sin geit asaibh!’ ar seisean. ‘Nach ndéanfainn an-gharda!?’
‘Níor bhain tú aon gheit asamsa,’ a dúirt Caitríona leis. ‘Nach raibh a fhios agam láithreach gur tú a bhí ann.’
Ach bhí Iain agus Bríd ag dul in aer. Thosaíodar ag glaoch chuile ainm faoin spéir ar Shéamas. Lad ard láidir ba ea Séamas Jim agus é in ann obair fir a dhéanamh in aois a chúig bliana déag. Chuile sheans a d’fhaigheadh sé bhíodh sé amuigh sa gcurach lena uncail nó sa ngarraí lena sheanathair. B’fhada le Séamas go mbeadh sé críochnaithe leis an scoil, agus bhí rún aige imeacht as an scoil chomh luath agus a bheadh sé sé bliana déag. Theastaigh uaidh jab a fháil ar an mbád farantóireachta a thugadh muintir an oileáin agus cuairteoirí isteach agus amach chuig an mórthír — sin nó ar cheann de na báid iascaigh a bhíodh ag obair amach as calafort Ros an Mhíl.
‘Dheara, níl a fhios agam tuige a bhfuil sibh chomh hoibrithe,’ a dúirt sé anois. ‘Ní raibh ann ach píosa craic.’
‘Cébí céard faoin gcraic, cuir as an diabhal de thóirse sin,’ arsa Iain. ‘D’fheicfeá an solas ar an taobh eile den oileán.’
‘Nach thú féin a dúirt go mbeadh tóirse maith uainn?’
Chuir Séamas as an tóirse ar aon chaoi. Chuaigh sé anonn ansin go dtí an áit a raibh Caitríona ina seasamh agus a droim leis an ngeata aici.
‘Bhuel, aon scéal?’
‘Cé a bhí in éineacht leat?’an freagra a fuair sé. ‘D’airigh muid an chaint.’
Ach níor fhreagair Séamas í. D’éirigh an bheirt eile fiosrach ansin.